Leabharlanna

All pages relating to leabharlanna.

Iasachtú Acmhainní Gaeilge

Tugann leabharlanna poiblí úrscéalta Gaeilge, leabhair neamhfhicsin agus closleabhair ar iasacht do bhaill na leabharlainne.

Tionscnaimh Ghaeilge

Soláthraíonn leabharlanna poiblí acmhainní foghlama teanga ar líne agus ríomhleabhair i nGaeilge. Reáchtálann siad imeachtaí agus gníomhaíochtaí do leanaí trí mheán na Gaeilge freisin chun tacú leis an nGaeilge agus chun í a chur chun cinn.

Rochtain ar an Idirlíon

Soláthraíonn leabharlanna poiblí rochtain ar an idirlíon saor in aisce d’úsáideoirí leabharlainne.

Iasachtaí Idir-Leabharlainne

Féadfaidh baill leabharlainne earraí speisialaithe a iarraidh tríd an gcóras iasachtaí idir leabharlanna nach bhfuil ar fáil i gcóras leabharlainne poiblí na hÉireann.

An Clár Éire Shláintiúil ag Do Leabharlann

Coinníonn leabharlanna poiblí bailiúcháin acmhainní, reáchtálann siad ceardlanna agus ranganna agus soláthraíonn siad faisnéis ar ábhair a bhaineann le sláinte chun sláinte agus folláine a fheabhsú i bpobail mar chuid den Chlár um Éire Sláintiúil ag Do Leabharlann.

Acmhainní Ginealais

Féadfaidh leabharlanna poiblí acmhainní ginealais a sholáthar, amhail taifid eaglaise, talún agus daonáirimh, cláir pharóiste, cartlanna nuachtán áitiúil, eolairí sráide agus bunachair shonraí ar líne ionas gur féidir le húsáideoirí leabharlainne taighde a dhéanamh ar stair a dteaghlaigh.

Spásanna Gailearaí

Féadfaidh leabharlanna poiblí spás a sholáthar inar féidir le grúpaí agus daoine aonair a gcuid saothar ealaíne a thaispeáint nó taispeántais stairiúla nó cultúrtha a chur suas.

An Tionscnamh Europe Direct

Féadfaidh leabharlanna poiblí páirt a ghlacadh i dtionscnamh chun saoránaigh agus institiúidí an Aontais Eorpaigh (AE) a nascadh trí fhaisnéis a sholáthar ar chearta saoránach an AE, ar na deiseanna atá ar fáil do shaoránaigh an AE agus maidir le conas leas a bhaint as na cearta agus na deiseanna seo.