Féadfaidh údaráis áitiúla ábhair shábháilteachta ar bhóithre a sholáthar don phobal, amhail veisteanna sofheicthe, bandaí lámh, frithchaiteoirí agus soilse rothaíochta.
Féadfaidh Údaráis Áitiúla, in éineacht leis an nGarda Síochána (na póilíní náisiúnta) cláir um chosc ar imbhuailtí a reáchtáil chun láithreacha a aithint inar tharla timpistí go minic agus iad a dhéanamh sábháilte.
Féadfaidh údaráis áitiúla comharthaí luais leictreonacha a sholáthar chun rabhadh a thabhairt do thiománaithe más rud é gur sháraigh siad an luasteorainn.
Féadfaidh údaráis áitiúla maoir thráchta scoile a fhostú chun trasrianta scoile a oibriú agus cabhrú le leanaí bóithre poiblí a thrasnú go sábháilte ar a mbealach chuig an scoil agus ón scoil.
Soláthraíonn údaráis áitiúla faisnéis agus comhairle do scoileanna, do ghrúpaí agus don phobal chun oideachas agus feasacht ar shábháilteacht ar bhóithre a chur chun cinn.
Féadfaidh údaráis áitiúla oibreacha feabhsúcháin sábháilteachta ar bhóithre a dhéanamh ag láithreáin aonair nó ar bhóthar ina raibh an láithreán nó an bóthar mar shuíomh timpistí nó neastimpistí a bhí ina gcúiseanna le gortuithe.
Féadfaidh údaráis áitiúla soilse rabhaidh a sholáthar in aice le scoileanna chun tiománaithe a chur ar an airdeall chun luas a laghdú agus chun sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú.
Féadfaidh tú fíneáil pháirceála a achomharc chuig an údarás áitiúil nó chuig oibreoir príobháideach más rud é gur eisigh siad fíneáil pháirceála thar ceann an údaráis áitiúil.
Féadfaidh údaráis áitiúla bánna luchtaithe a sholáthar chun ligean d’fheithiclí earraí tráchtála seachadtaí a luchtú nó a dhíluchtú chuig áitribh thráchtála le linn uaireanta ainmnithe.
Féadfaidh údaráis áitiúla bánna páirceála ainmnithe a sholáthar do thiománaithe a bhfuil cead míchumais acu nó do thiománaithe paisinéirí a bhfuil cead míchumais acu.
Féadfaidh tú trácht a dhéanamh ar údarás áitiúil nó cur ina choinne maidir lena mholadh chun bearta maolaithe tráchta a shuiteáil nó a bhaint, amhail comharthaí bóthair, marcálacha bóthair, mullaird, dromchlaí bóthair modhnaithe, rampaí luais agus cúisíní luais.
Féadfaidh údaráis áitiúla caingean a thionscnamh i gcoinne tiománaithe a pháirceálann go mídhleathach, iad siúd nach dtaispeánann ticéad páirceála bailí, cead nó diosca cánach mótair, nó nach n-íocann na muirir pháirceála riachtanacha.
Féadfaidh údaráis áitiúla bearta maolaithe tráchta a sholáthar mar chomharthaí, marcálacha bóthair, mullaird, dromchlaí bóthair modhnaithe, rampaí luais agus cúisíní chun rátaí luais a laghdú agus sábháilteacht ar bhóithre a mhéadú.
Comhordaíonn agus bainistíonn údaráis áitiúla oibreacha bóthair chun a dtionchar ar shreabhadh tráchta a laghdú agus chun sábháilteacht an phobail a choinneáil.
Féadfaidh údaráis áitiúla luasteorainneacha speisialta a shocrú gar do limistéir faoi fhoirgnimh, scoileanna agus eastáit tithíochta chun sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú do gach úsáideoir bóithre. Féadfaidh tú ionchur a bheith agat sna luasteorainneacha beartaithe trí chomhairliúchán.
Féadfaidh údaráis áitiúla pábháil thadhlach a sholáthar ar chosáin phoiblí, ar shráideanna agus ar thrasrianta i gceantair uirbeacha chun iad a dhéanamh sábháilte do dhaoine faoi mhíchumas.
Féadfaidh údaráis áitiúla caingean a thionscnamh ina gcoinne siúd a chuireann comharthaí nó feithiclí neamhúdaraithe ar bhóithre poiblí chun fógraíocht a dhéanamh, chun earraí a dhíol nó chun seirbhísí a sholáthar.
Féadfaidh údaráis áitiúla beart a dhéanamh i gcoinne úinéirí talún nach nglacann céimeanna réasúnacha chun ligean d’uisce draenáil ó bhóthar poiblí ar a dtalamh nó a ligeann d’uisce, ithir nó ábhair eile éalú óna dtalamh chuig bóthar poiblí.
Féadfaidh údaráis áitiúla a cheangal ar úinéirí talúncrainn, toir, fálta agus fásra eile ar a dtailte a ghearradh má chuireann siad isteach ar úsáid shábháilte bóthair nó cosáin phoiblí. Féadfaidh údaráis áitiúla beart a dhéanamh i gcoinne úinéirí talún.
Soláthraíonn agus bainistíonn údaráis áitiúla, in éineacht le gníomhaireachtaí eile, stadanna tacsaithe trína suíomh a phleanáil, cinneadh a dhéanamh ar a méid agus ar a n-uaireanta oibríochta, agus maoirseacht a dhéanamh ar a n-úsáid.
Ní mór duit iarratas a dhéanamh chuig an údarás áitiúil ar chead chun ualach trom a sheachadadh nó a bhailiú ó áitreabh nó láithreán tógála laistigh de limistéir shrianta.
Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh chuig an údarás áitiúil ar chead ionas gur féidir le do chúramóir carr a pháirceáil i limistéar páirceála íoc agus taispeáin nó diosca oiriúnach.
Ní mór d’oibreoirí bus nó cóiste iarratas a dhéanamh chuig an údarás áitiúil ar chead chun láthair stad bus nó cóiste atá ann cheana nó atá beartaithe a úsáid.
Ní mór duit iarratas a dhéanamh chuig an údarás áitiúil más mian leat cuid de bhóthar poiblí, cosán nó imeall féir gaolmhar a oscailt chun obair a dhéanamh.
Ní mór duit iarratas a dhéanamh chuig an údarás áitiúil ar chead más mian leat scipe bruscair nó fearas soghluaiste a chur go sealadach in áit pháirceála nó mórchlár nó scafall a chur suas ar bhóthar poiblí.
Ní mór duit iarratas a dhéanamh chuig an údarás áitiúil más mian leat bóthar a dhúnadh go sealadach chun oibreacha tógála a éascú, ábhair a stóráil, mórchlár, fálú nó scafall a chur suas nó craein nó ardaitheoir a chur ar an mbóthar.
Ní mór duit iarratas ar cheadúnas a dhéanamh chuig an údarás áitiúil más trádálaí ócáideach tú agus má theastaíonn uait earraí a dhíol in áit phoiblí nó i limistéar trádála ainmnithe.
Tacaíonn údaráis áitiúla, in éineacht leis an Údarás Náisiúnta Iompair, le hiompar poiblí inbhuanaithe trí chonairí agus seirbhísí bus, rotharbhealaí agus siúlbhealaí a sholáthar.
Féadfaidh údaráis áitiúla tionscnaimh a reáchtáil amhail an tSeachtain Náisiúnta Rothar, Seachtain na Soghluaisteachta, Lá Saor ó Ghluaisteáin agus an Dúshlán Peidiméadair chun taisteal inbhuanaithe a chur chun cinn.
Féadfaidh údaráis áitiúla, in éineacht leis An Taisce agus le scoileanna agus gnóthais áitiúla, an scéim ‘park and stride’ a oibriú chun tuismitheoirí a spreagadh páirceáil saor in aisce i gcarrchlóis ainmnithe agus iad ag siúl lena chuig an scoil.
Ullmhaíonn údaráis áitiúla straitéisí chun líonraí bóithre sábháilte iontaofa a sholáthar. Féadfaidh tú ionchur a bheith agat sna straitéisí trí chomhairliúchán.
Féadfaidh údaráis áitiúla pleananna a ullmhú le haghaidh tionscadal dearaidh bóthair amhail tógáil bóithre, scéimeanna feabhsúcháin agus bainistíocht droichead. Féadfaidh tú ionchur a bheith agat sna pleananna trí chomhairliúchán.
Ullmhaíonn údaráis áitiúla pleananna chun líonraí bóithre sábháilte iontaofa a sholáthar. Féadfaidh tú ionchur a bheith agat sna pleananna trí chomhairliúchán.
Déanann údaráis áitiúla marcálacha bóthair ar bhóithre poiblí a chothabháil, a athphéinteáil agus a athsholáthar amhail línte briste, leanúnacha agus dúbailte, súile cait, acomhail bhosca agus trasrianta coisithe.
Féadfaidh tú a iarraidh ar an údarás áitiúil marcálacha bóthair tréigthe a athphéinteáil nó marcálacha nua a sholáthar amhail línte stop, línte buí dúbailte agus acomhail bhosca.
Freagraíonn údaráis áitiúla, in éineacht le gníomhaireachtaí poiblí eile, do bhagairtí drochaimsire amhail stoirmeacha, tuilte agus titim sneachta trom. D’fhéadfadh go n-áireofaí sna freagraí nuashonruithe aimsire a sholáthar, bearta faoisimh tuile a dhéanamh, cónaitheoirí agus ainmhithe a aslonnú ó cheantair atá buailte, agus sneachta agus oighear a ghlanadh ó mhórbhealaí.
Déanann údaráis áitiúla monatóireacht ar dhálaí bóthair le linn drochaimsire le fáil amach an bhfuil gá le gaineamh nó grean a chur ar bhóithre nó le smionagar a bhaint.
Féadfaidh údaráis áitiúla tacaíocht airgeadais a sholáthar d’úinéirí réadmhaoine chun bacainní tuile a shuiteáil chun cabhrú lena gcuid maoine a chosaint ar thuilte.
Féadfaidh údaráis áitiúla, in éineacht le hOifig na nOibreacha Poiblí, tabhairt faoi oibreacha coiscthe tuile amhail tógáil claífort agus bacainní tuile, monatóireacht ar leibhéil uisce, agus deisiúcháin agus athsholáthar lintéar agus droichead.
Féadfaidh údaráis áitiúla tacaíocht a sholáthar do ghrúpaí cónaitheoirí áitiúla agus d’úinéirí talún chun bóithre áitiúla neamhphoiblí a fhreastalaíonn ar a gcuid maoine a athchóiriú. Ní mór do chónaitheoirí agus d’úinéirí talún ranníocaíocht phobail a dhéanamh i ndáil leis na hoibreacha athchóirithe.
Féadfaidh údaráis áitiúla tacú le cónaitheoirí áitiúla agus le húinéirí talún bóithre réigiúnacha agus áitiúla a fhreastalaíonn ar a gcuid maoine a athchóiriú. Ní mór do chónaitheoirí agus d’úinéirí talún ranníocaíocht a dhéanamh i ndáil leis na hoibreacha athchóirithe.
Oibríonn agus bainistíonn údaráis áitiúla tionscadail chun líonraí bóithre a fheabhsú, mar shampla tógáil, athchóiriú, athshuíomh, athailíniú, athdhromchlú agus feabhsúcháin sábháilteachta ar bhóithre.