Féadfaidh údaráis áitiúla pleananna a ullmhú maidir le tionscadail turasóireachta a fhorbairt. Féadfaidh tú ionchur a bheith agat sna pleananna trí chomhairliúchán.
Féadfaidh údaráis áitiúla straitéisí a ullmhú nó cur leo chun cuairteoirí a mhealladh chuig an gceantar áitiúil. Féadfaidh tú ionchur a bheith agat sna straitéisí trí chomhairliúchán.
Féadfaidh údaráis áitiúla, i dteannta le Fáilte Éireann agus Turasóireacht Éireann, turasóireacht a chur chun cinn trí mhargaíocht a dhéanamh ar an gceantar áitiúil agus ar na nithe is díol spéise do thurasóirí ionchasacha agus d’oibreoirí turasóireachta.
Féadfaidh údaráis áitiúla, i dteannta le Fáilte Éireann, tacaíocht airgeadais a sholáthar do ghrúpaí gnó agus pobail chun tacú le himeachtaí agus féilte i dturasóireacht bunaithe ar chultúr, bia, spórt agus gníomhaíochtaí chun cuairteoirí a mhealladh.
Féadfaidh údaráis áitiúla tacaíocht airgeadais a sholáthar do ghrúpaí pobail, deonacha agus gnó i dtreo an chostais a bhaineann le soilsiú na Nollag a shuiteáil i mbailte agus i sráidbhailte ainmnithe.
Féadfaidh údaráis áitiúla tacaíocht airgeadais a sholáthar do ghrúpaí pobail chun tionscadail a chur i gcrích a fheabhsóidh cáilíocht na beatha sa phobal trí ghníomhaíocht mhéadaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha.
Féadfaidh údaráis áitiúla, i dteannta le Fáilte Éireann agus Turasóireacht Éireann, faisnéis agus comhairle a sholáthar do thurasóirí maidir le láithreacha, uaireanta oscailte, praghsáil agus treoracha chuig áiteanna áitiúla a mbíonn an-tóir ag turasóirí orthu.
Féadfaidh údaráis áitiúla féarbhealaí (rianta ar thalamh) agus gormbhealaí (rianta uisce) a sholáthar, áiteanna ar féidir le daoine rothaíocht a dhéanamh, dul ag fánaíocht, siúl, céaslú, dul i gcanú nó dul i gcadhc.
Féadfaidh údaráis áitiúla láithreáin ghréasáin a fhorbairt agus a bhainistiú chun a gceantair a chur chun cinn mar áiteanna iontacha chun maireachtáil agus oibriú iontu, cuairt a thabhairt orthu, infheistíocht a dhéanamh iontu agus staidéar a dhéanamh iontu.
Féadfaidh údaráis áitiúla, i dteannta le Fáilte Éireann, tacaíocht airgeadais a sholáthar do ghrúpaí gnó agus pobail chun tacú le himeachtaí agus féilte i dturasóireacht bunaithe ar chultúr, bia, spórt agus gníomhaíochtaí chun cuairteoirí a mhealladh.