Leabharlanna

All pages relating to leabharlanna.

Iasachtú Leabhar

Tugann leabharlanna poiblí leabhair ar iasacht do bhaill na leabharlainne.

Tacaíocht Clubanna Leabhar

Féadfaidh leabharlanna poiblí tacú le clubanna leabhar trí iliomad cóipeanna de leabhair a thabhairt ar iasacht agus ionad a sholáthar do bhaill an chlub leabhar chun bualadh le chéile.

Clubanna Leabhar

Féadfaidh leabharlanna poiblí clubanna leabhar a reáchtáil do bhaill chun an léitheoireacht a chur chun cinn i measc aoisghrúpaí difriúla.

Iasachtú Acmhainní Bibliteiripe

Tugann leabharlanna poiblí leabhair fhéinchabhrach agus acmhainní eile ar iasacht a dhéileálann le folláine choirp agus mheabhrach, saincheisteanna iompraíochta, andúil agus méala.

Tionscnaimh a Thacaíonn le hUathachas

Féadfaidh leabharlanna poiblí imeachtaí a bhaineann go sonrach le huathachas a sholáthar, amhail amanna scéalta céadfacha, scéalta sóisialta, litearthacht, léirthuiscint ealaíne agus taispeáintí scannáin. Féadfaidh siad limistéir chiúin, saor ó thranglam a sholáthar chun leabharlanna a dhéanamh fáilteach do dhaoine a bhfuil uathachas acu agus dá gcúramóirí.

Teicneolaíochtaí Cúnta

Féadfaidh leabharlanna poiblí bogearraí ríomhaireachta ar leith, lúba ionduchtaithe éisteachta agus teicneolaíochtaí cúnta agus oiriúnaitheacha eile a sholáthar d’úsáideoirí leabharlainne a bhfuil deacrachtaí radhairc, éisteachta agus foghlama acu.

Imeachtaí agus Gníomhaíochtaí Aoisbhácha

Reáchtálann leabharlanna poiblí gníomhaíochtaí agus imeachtaí do dhaoine scothaosta, lena n-áirítear oiliúint scileanna digiteacha, cuairteanna ag údair, ceardlanna cruthaitheacha agus deiseanna líonraithe.