Leabharlanna

All pages relating to leabharlanna.

Spásanna Staidéir

Féadfaidh leabharlanna poiblí limistéir staidéir a sholáthar inar féidir le daoine léamh nó staidéar a dhéanamh.

Iasachtú Acmhainní Oideachais Speisialta

Féadfaidh leabharlanna poiblí acmhainní oideachais ar shaincheisteanna oideachais speisialta a thabhairt ar iasacht de bhaill edn leabharlann, amhail disléicse, neamhord speictrim uathachais agus Neamhord Hipirghníomhaíochta an Easnaimh Airde (ADHD).

Iasachtú Bréagán Céadfach agus Cluichí Céadfacha

Féadfaidh leabharlanna poiblí bréagáin agus cluichí céadfacha amhail cláir chothromaíochta, áiseanna scríbhneoireachta, mataí méire agus bréagáin suaimhneasacha a thabhairt ar iasacht do leanaí a bhfuil deacrachtaí foghlama nó riachtanais speisialta acu chun tacú le forbairt scileanna luaileacha, súgartha agus saoil.

Bothanna Féinseirbhíse

Féadfaidh leabharlanna poiblí bothanna féinseirbhíse a sholáthar ionas gur féidir le baill na leabharlainne leabhair agus acmhainní eile a fháil ar iasacht agus a thabhairt ar ais gan dul chuig deasc na leabharlainne.

An Clár Ceart chun Léamh

Féadfaidh leabharlanna poiblí clár d’imeachtaí agus gníomhaíochtaí séasúracha téamaí a reáchtáil mar chuid den Chlár náisiúnta um Cheart chun Léamh chun forbairt litearthachta agus léitheoireachta a chur chun cinn do dhaoine de gach aois.

Priontáil Chianda

Féadfaidh leabharlanna poiblí cianrochtain ar phrintéirí a sholáthar ionas gur féidir le húsáideoirí leabharlainne doiciméid a sheoladh óna mbaile nó óna n-oifig chuig printéir sa leabharlann agus iad a phriontáil níos déanaí sa leabharlann.

Moltaí Léitheoireachta

Féadfaidh leabharlanna poiblí liostaí léitheoireachta molta a sholáthar do leanaí agus do dhaoine fásta chun an léitheoireacht a chur chun cinn.

Tacaíocht do Ghrúpaí Tuismitheoirí agus Lapadán

Féadfaidh leabharlanna poiblí grúpaí a reáchtáil nó a óstáil inar féidir le leanaí óga bualadh le chéile, súgradh agus éisteacht le scéalta agus inar féidir le tuismitheoirí agus caomhnóirí dul i gcomhairle a chéile maidir le saincheisteanna tuismitheoireachta agus luath-óige.