Ealaíona agus Cultúr

All pages relating to ealaíona agus cultúr.

Tionscnaimh Chomhpháirtíochtaí Cultúrtha na hEorpa

Féadfaidh údaráis áitiúla, i dteannta le comhpháirtithe Eorpacha, páirt a ghlacadh i dtionscadail a dhéanann iniúchadh ar a bhféiniúlachtaí áitiúla agus a neartaíonn iad, agus a fhorbraíonn tuiscint níos fearr ar na naisc chultúrtha agus stairiúla eatarthu.

Clár Phríomhchathair Cultúir na hEorpa

Féadfaidh údaráis áitiúla, i dteannta le páirtithe leasmhara eile, imeachtaí agus gníomhaíochtaí ceoil, oideachais, scannáin, liteartha, ealaíne agus staire a reáchtáil mar chuid dá gclár Phríomhchathair Cultúir na hEorpa.

Tionscnaimh Chonairí Cultúir

Féadfaidh údaráis áitiúla conairí bia agus deochanna, rianta ceoil agus rianta ealaíne, ceardaíochta agus dearaidh a reáchtáil chun cultúr áitiúil a thaispeáint agus láithreacha a chur chun cinn mar chinn scríbe turasóireachta tarraingteacha.

Tuarascálacha Cultúir

Féadfaidh údaráis áitiúla tuarascálacha agus faisnéis ar chultúr a sholáthar do ranna rialtais agus do ghníomhaireachtaí eile.

Clár na hOíche Cultúir

Féadfaidh údaráis áitiúla, i dteannta le páirtithe leasmhara eile, léirithe ceoil, taispeántais agus turais a sholáthar i músaeim, i ndánlanna, i leabharlanna agus in ionaid eile mar chuid den Oíche Cultúir náisiúnta.

Tionscnaimh Feasachta Cultúir

Féadfaidh údaráis áitiúla laethanta cultúir, léirithe ceoil, imeachtaí liteartha agus imeachtaí idirchultúrtha a reáchtáil chun feasacht chultúrtha a chur chun cinn.

Comhairliúchán faoin Straitéis Cultúir agus Cruthaitheachta

Féadfaidh údaráis áitiúla straitéisí a ullmhú chun rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí cultúrtha a chur chun cinn agus folláine a fheabhsú trí chultúr agus chruthaitheacht. Féadfaidh tú ionchur a bheith agat sna pleananna trí chomhairliúchán.

Ceantair Chultúrtha

Féadfaidh údaráis áitiúla ceathrúna cultúrtha a fhorbairt i gceantair uirbeacha ainmnithe chun cabhrú le pobail nuálacha a chruthú d’áitritheoirí agus do ghnólachtaí agus spás cultúrtha a sholáthar chun tairiscint miondíola agus turasóireachta an cheantair a fheabhsú.