Féadfaidh forbróirí nó formhór úinéirí tí a iarraidh ar an údarás áitiúil a bheith i gceannas ar na bóithre agus ar na seirbhísí laistigh d’eastát tithíochta.
Freagraíonn údaráis áitiúla d’iarrataí ó chomhairleoirí agus ó chomhaltaí an Oireachtais thar ceann bhaill an phobail faoi sheirbhísí údaráis áitiúil ar mian leo rochtain a fháil orthu nó a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm orthu.
Ní mór duit iarratas a dhéanamh chuig an údarás áitiúil más mian leat bóthar a dhúnadh go sealadach chun oibreacha tógála a éascú, ábhair a stóráil, mórchlár, fálú nó scafall a chur suas nó craein nó ardaitheoir a chur ar an mbóthar.
Freagraíonn údaráis áitiúla d’Oifig an Ombudsman maidir le gearáin ón bpobal a bhaineann le saincheisteanna gan réiteach leis an údarás áitiúil, amhail moill mhíchuí i ndáil le mainneachtain beart a dhéanamh maidir le hábhair údaráis áitiúil.
Freagraíonn údaráis áitiúla d’iarrataí ó chustaiméirí amhail conas iarratas a dhéanamh ar sheirbhís, íoc as seirbhís, saincheist a thuairisciú, breathnóireacht a dhéanamh nó faisnéis seirbhíse a fháil.
Soláthraíonn údaráis áitiúla seirbhísí ar líne dóibh siúd ar mian leo rochtain a fháil ar sheirbhísí trí thairseach ar líne an údaráis áitiúil. Féadfaidh úsáideoirí cuntas a bhunú chun a n-iarratais ar sheirbhís a rianú, féachaint ar stair a n-iarratas agus nuashonruithe a fháil.
Féadfaidh tú iarratas a sheoladh chuig an údarás áitiúil chun rochtain a fháil ar thaifid oifigiúla. Féadfaidh tú a iarraidh freisin go ndéanfar do thaifid phearsanta a leasú nó a scriosadh má tá siad mícheart nó míthreorach. Tá sé de cheart agat cúiseanna a iarraidh maidir le cinntí a rinne an t-údarás áitiúil a théann i bhfeidhm ort, agus an ceart achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh.
Féadfaidh Oifigí Fiontair Áitiúla tacaíocht airgeadais a sholáthar do ghnóthais bheaga chun cabhrú le costais tosaigh, caipiteal oibre, stoc, trealamh, innealra a cheannach agus an gnó a leathnú.
Féadfaidh baill leabharlainne earraí speisialaithe a iarraidh tríd an gcóras iasachtaí idir leabharlanna nach bhfuil ar fáil i gcóras leabharlainne poiblí na hÉireann.
Tugann leabharlanna poiblí leabhair fhéinchabhrach agus acmhainní eile ar iasacht a dhéileálann le folláine choirp agus mheabhrach, saincheisteanna iompraíochta, andúil agus méala.
Féadfaidh leabharlanna poiblí acmhainní litearthachta amhail scéimeanna léitheoireachta, léitheoirí ardspéise ar leibhéal íseal agus spléach-chártaí a thabhairt ar iasacht do bhaill den leabharlann.
Féadfaidh leabharlanna poiblí ábhair litearthachta d'aosaigh a sholáthar, amhail bailiúcháin shonracha leabhar, ábhair uimhearthachta agus closleabhair. Féadfaidh siad rochtain a sholáthar freisin ar theagascóirí foghlama aosaigh agus ar ranganna d’aosaigh chun a gcuid scileanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta a fheabhsú.
Féadfaidh leabharlanna poiblí ábhar acmhainne mar spléach-chártaí, leabhair mhóra, ábhar ar féidir fótachóip a dhéanamh de agus scéimeanna léitheoireachta a thabhairt ar iasacht do mhúinteoirí agus do scoileanna atá ina mbaill den leabharlann go ceann tréimhse fada.
Féadfaidh leabharlanna poiblí acmhainní oideachais ar shaincheisteanna oideachais speisialta a thabhairt ar iasacht de bhaill edn leabharlann, amhail disléicse, neamhord speictrim uathachais agus Neamhord Hipirghníomhaíochta an Easnaimh Airde (ADHD).
Féadfaidh leabharlanna poiblí úrscéalta i dteangacha iasachta, leabhair neamhfhicsin agus closleabhair a thabhairt ar iasacht do bhaill na leabharlainne.
Féadfaidh leabharlanna poiblí leabhair, closleabhair, irisí agus nuachtáin ar líne a sholáthar ar féidir le baill na leabharlainne iad a íoslódáil agus a fháil ar iasacht saor in aisce.