Ullmhaíonn údaráis áitiúla straitéisí chun freastal ar riachtanais daoine faoi mhíchumas i dtithíocht, inrochtaineacht, fostaíocht, comhionannas, cuimsiú, sláinte agus folláine. Féadfaidh tú ionchur a bheith agat sna straitéisí trí chomhairliúchán.
Féadfaidh údaráis áitiúla straitéisí a ullmhú nó cur leo chun caidrimh a fhorbairt agus chun an nasc idir Éireannaigh sa bhaile agus thar lear a neartú. Féadfaidh tú ionchur a bheith agat sna straitéisí trí chomhairliúchán.
Ullmhaíonn Grúpaí Gníomhaíochta Áitiúla straitéisí chun tacú le forbairt eacnamaíoch, cuimsiú sóisialta agus an timpeallacht tuaithe i gceantair ainmnithe tuaithe, agus iad a chur chun cinn. Féadfaidh tú ionchur a bheith agat sna straitéisí trí chomhairliúchán.
Féadfaidh Fóraim Forbartha Tuaithe straitéisí a ullmhú chun cáilíocht na beatha i bpobail thuaithe a fheabhsú. D’fhéadfaí deiseanna fiontraíochta agus fostaíochta, oideachas, tithíocht, iompar, leathanbhanda agus seirbhísí aoisbhácha a bheith san áireamh. Féadfaidh tú ionchur a bheith agat sna straitéisí trí chomhairliúchán.
Féadfaidh údaráis áitiúla straitéisí a ullmhú nó cur leo chun cuairteoirí a mhealladh chuig an gceantar áitiúil. Féadfaidh tú ionchur a bheith agat sna straitéisí trí chomhairliúchán.
Ullmhaíonn údaráis áitiúla straitéisí chun áiteanna súgartha agus áiseanna súgartha do leanaí a fhorbairt. Féadfaidh tú ionchur a bheith agat sna straitéisí trí chomhairliúchán.
Féadfaidh údaráis áitiúla straitéisí a ullmhú chun páirceanna poiblí agus spásanna oscailte a fhorbairt. Féadfaidh tú ionchur a bheith agat sna straitéisí trí chomhairliúchán.
Féadfaidh údaráis áitiúla straitéisí a ullmhú chun sráideanna agus spásanna poiblí a fheabhsú ar aon dul le suíomh, stair agus saintréithe na háite. Féadfaidh tú ionchur a bheith agat sna straitéisí trí chomhairliúchán.
Féadfaidh údaráis áitiúla comharthaí luais leictreonacha a sholáthar chun rabhadh a thabhairt do thiománaithe más rud é gur sháraigh siad an luasteorainn.
Féadfaidh leabharlanna poiblí consóil chluichí físeáin a sholáthar, lena n-áirítear PlayStations agus cluichí réaltachta fíorúla do bhaill na leabharlainne le húsáid sa leabharlann.
Féadfaidh údaráis áitiúla pábháil thadhlach a sholáthar ar chosáin phoiblí, ar shráideanna agus ar thrasrianta i gceantair uirbeacha chun iad a dhéanamh sábháilte do dhaoine faoi mhíchumas.
Féadfaidh údaráis áitiúla baoithe tarrthála a sholáthar agus a chothabháil feadh bhruacha aibhneacha, agus ar dhroichid, ar chéanna agus ar thránna chun sábháilteacht uisce a chur chun cinn.