Teicneolaíocht Faisnéise

All pages relating to teicneolaíocht faisnéise .

Foilsiú Sonraí agus Anailísíochta Sonraí

Foilsíonn údaráis áitiúla sonraí maidir le réimsí seirbhíse ar leith amhail cáilíocht uisce, ithreach agus aeir, trácht, gluaiseacht rothaíochta agus coisithe agus bainistíocht imeachtaí páirceála. Déanann údaráis áitiúla anailís ar na sonraí chun bonn eolais a chur faoi fhorbairt seirbhísí nua agus chun seirbhísí atá ann cheana féin a fheabhsú.

Foilsiú Beartais CCTV

Féadfaidh údaráis áitiúla beartais a fhoilsiú maidir le húsáid CCTV i bhfoirgnimh údaráis áitiúil agus in áiteanna poiblí eile.

Iarratas ar Scannán CCTV

Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh chuig an údarás áitiúil chun rochtain a fháil ar phíosaí scannáin CCTV a bhaineann leat agus a bhí taifeadta ag an údarás áitiúil.

Pointí Nasctha Leathanbhanda

Soláthraíonn údaráis áitiúla pointí ceangail leathanbhanda ag láithreacha ar leith chun seirbhísí leathanbhanda ar ardchaighdeán a sholáthar do phobail áitiúla.