Pobal

All pages relating to pobal.

Caidreamh Idirnáisiúnta agus Nascadh

Tacaíonn údaráis áitiúla le pobail chun naisc a fhorbairt le bailte thar lear chun tuiscint níos fearr a fháil ar náisiúntachtaí agus ar chultúir, comhpháirtíochtaí a fhorbairt le pobail idirnáisiúnta agus deiseanna gnó a chur chun cinn do na suíomhanna nasctha.

Ciste Éire Shláintiúil

Féadfaidh Coistí Forbartha Pobail Áitiúla tacaíocht airgeadais a sholáthar do ghrúpaí pobail agus deonacha chun feasacht a mhúscailt agus a fheabhsú maidir le saincheisteanna sláinte amhail murtall, caitheamh tobac, mí-úsáid alcóil agus drugaí, rannpháirtíocht an phobail a mhéadú i ngníomhaíocht choirp agus aghaidh a thabhairt ar neamhionannas sláinte.

An Clár do Chathracha agus Contaetha Sláintiúla

Féadfaidh údaráis áitiúla, i dteannta le gníomhaireachtaí eile, páirt a ghlacadh i Líonra Náisiúnta na gCathracha agus na gContaetha Sláintiúla in Éirinn trína gCoistí Forbartha Pobail Áitiúla chun sláinte agus folláine ar feadh an tsaoil a chur chun cinn agus tionchar a imirt ar bheartas sláinte náisiúnta.

Tionscnaimh Sláinte agus Folláine

Féadfaidh údaráis áitiúla tionscnaimh a reáchtáil chun sláinte agus folláine dhearfach a chur chun cinn i bpobail amhail an tSeachtain Sláinte agus Folláine, Seachtain na Meabhairshláinte, cláir shiúil, rásaí páirceanna, spásanna saor ó thobac, spásanna a thacaíonn le beathú cíche agus áiteanna súgartha luath-óige.

Tionscnamh Deisigh do Shráid

Féadfaidh tú graifítí, lochtanna bóthair, soilsiú lochtach sráide, sceitheadh uisce, draenáil, bruscar agus dumpáil neamhdhleathach a thuairisciú don údarás áitiúil tríd an láithreán gréasáin www.fixyourstreet.ie.

Tacaíocht Dháil na nÓg

Tacaíonn údaráis áitiúla le Dáil na nÓg, an pharlaimint náisiúnta do dhaoine óga, agus le Comhairle na nÓg, an chomhairle leanaí agus óige a thugann cead cainte do dhaoine óga maidir le seirbhísí, beartais agus saincheisteanna a théann i bhfeidhm orthu. Féadfar baill Chomhairle aon nÓg a thoghadh go Dáil na nÓg chun díospóireacht a dhéanamh agus chun dul i ngleic le saincheisteanna a théann i bhfeidhm ar dhaoine óga, amhail athrú aeráide, sláinte mheabhrach, féiniúlacht inscne agus forbairt saoráidí do dhaoine óga.

Deontas Tionscadal Pobail

Féadfaidh údaráis áitiúla tacaíocht airgeadais a sholáthar do ghrúpaí pobail agus deonacha chun tacú le tionscadail forbartha cultúrtha, ealaíne agus pobail a fheabhsaíonn caighdeán na beatha.

Scéim Maoinithe Pobail

Féadfaidh údaráis áitiúla tacaíocht airgeadais a sholáthar do ghrúpaí pobail agus deonacha chun tionscadail a fhorbairt a fheabhsaíonn caighdeán na beatha agus áiseanna pobail. D’fhéadfaí tionscadail bhonneagair, cothabháil spásanna oscailte, tionscadail feabhsúcháin comhshaoil agus ceannach trealaimh a théann chun leasa pobail áitiúla a chur san áireamh.

An Clár um Fheabhsú Pobail

Soláthraíonn Coistí Forbartha Pobail Áitiúla tacaíocht airgeadais do ghrúpaí pobail agus deonacha chun tacú le tionscadail chaipitil bheaga a fheabhsaíonn saoráidí i gceantair faoi mhíbhuntáiste. D’fhéadfadh go n-áireofaí orthu siúd lárionaid agus conláistí pobail, reiligí, áiseanna spóirt agus áineasa, seideanna fear agus ban, agus trealamh CCTV a fhorbairt.