Pobal

All pages relating to pobal.

Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Uirbeach

Féadfaidh údaráis áitiúla oibriú le cuideachtaí forbartha áitiúla, gníomhaireachtaí stáit, eagraíochtaí pobail agus infheisteoirí príobháideacha chun maoiniú rialtais a fháil chun tacú le forbairtí cónaithe agus tráchtála nua i gcathracha agus i mbailte ainmnithe.

Ainmchláir Shráide

Soláthraíonn agus cothabhálann údaráis áitiúla ainmchláir ar shráideanna poiblí agus in eastáit tithíochta an údaráis áitiúil.

Troscán Sráide

Féadfaidh údaráis áitiúla suíocháin, plandálaithe, seastáin rothar agus soilsiú maisiúil a sholáthar agus a chothabháil ar shráideanna poiblí agus i bpáirceanna poiblí agus in áiteanna súgartha chun an limistéar a fheabhsú.

Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe

Féadfaidh údaráis áitiúla tacú le cuideachtaí forbartha áitiúla, gníomhaireachtaí stáit, eagraíochtaí pobail agus infheisteoirí príobháideacha maoiniú rialtais a fháil chun tionscadail a fhorbairt a thacaíonn le cruthú post agus le nuálaíocht, a thugann aghaidh ar dhídhaonrú, a fhorbraíonn bonneagar agus saoráidí pobail, agus a chosnaíonn cultúr agus oidhreacht i bpobail thuaithe.

Comhairliúchán um Straitéis Forbartha Tuaithe

Féadfaidh Fóraim Forbartha Tuaithe straitéisí a ullmhú chun cáilíocht na beatha i bpobail thuaithe a fheabhsú. D’fhéadfaí deiseanna fiontraíochta agus fostaíochta, oideachas, tithíocht, iompar, leathanbhanda agus seirbhísí aoisbhácha a bheith san áireamh. Féadfaidh tú ionchur a bheith agat sna straitéisí trí chomhairliúchán.

An Clár um Fhorbairt Tuaithe (LEADER)

Féadfaidh Grúpaí Gníomhaíochta Áitiúla tacaíocht airgeadais a sholáthar do ghrúpaí agus do ghnólachtaí pobail agus deonacha chun tionscadail turasóireachta tuaithe, forbairt fiontraíochta, leathanbhanda agus fuinnimh in-athnuaite a fhorbairt chun geilleagair thuaithe agus cáilíocht na beatha i gceantair thuaithe a fheabhsú.

Tionscnaimh um Fhorbairt Tuaithe

Féadfaidh údaráis áitiúla tionscnaimh a fhorbairt chun daoine a mhealladh chun cónaí agus oibriú i bpobail thuaithe, amhail tionscadail fiontraíochta agus fostaíochta, tionscnaimh iompair, seirbhísí leathanbhanda, moil dhigiteacha agus spásanna r-oibre.

Tacaíocht Líonra Rannpháirtíochta Poiblí

Cuireann údaráis áitiúla líonraí ar bun agus tacaíonn siad leo chun grúpaí cláraithe pobail, deonacha, cuimsithe sóisialta agus comhshaoil a spreagadh chun páirt a ghlacadh i bpróisis chinnteoireachta agus cheaptha polasaithe na comhairle, agus chun monatóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí údaráis áitiúil.